-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
- Iontrálaithe nua - Sula dtagann tú
- Iontrálaithe nua - Dátaí tosaigh
- Lóistín
- Gnóthaí Airgeadais
- Eolas faoi Ghaillimh
- Gníomhaíochtaí ar an gcampas
- Tacaíocht do Mhic Léinn
- Staidéar thar Lear
- Mic Léinn Idirnáisiúnta
- Mic Léinn Lánfhásta
- Mic Léinn faoi Mhíchumas
- Mic Léinn Rochtana
- Cén fáth a roghnófá OÉ Gaillimh
- Leabharlann Shéamais Uí Argadáin
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine OÉ Gaillimh mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in OÉ Gaillimh anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi OÉ Gaillimh
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag OÉ Gaillimh mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in OÉ Gaillimh
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in OÉ Gaillimh, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid OÉ Gaillimh ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In OÉ Gaillimh, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Gaeilge Bheo
An Ghaeilge Bheo in OÉ Gaillimh
Tá tiomantas ar leith ag OÉ Gaillimh don Ghaeilge. Tá ról tábhachtach againn go náisiúnta maidir le hoideachas ollscoile a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. I gcomhpháirt le gníomhaireachtaí Stáit, na meáin Ghaeilge agus comhlachtaí Gaeltachta, leanfaimid orainn ag freastal ar riachtanais oideachais, eacnamaíocha agus chultúir na bpobal Gaeilge - san Ollscoil, sa Ghaeltacht agus ar fud an domhain.
Ar phríomhchampas na hOllscoile i gcroílár chathair na Gaillimhe agus sna hionaid Ghaeltachta i nGaillimh agus Dún na nGall, cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge le stádas agus le húsáid na Gaeilge trí fhreastal ar phobal teanga beoga na hOllscoile, idir mhic léinn agus chomhaltaí foirne.
Cláir Fhochéime & Iarchéime
Cuireann OÉ Gaillimh réimse leathan de chláir Ghaeilge ar fáil do mhic léinn fochéime agus iarchéime. Is iad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge go príomha a reáchtálann na cláir seo.
Cliceáil anseo chun teacht ar liosta iomlán na gclár Gaeilge
An Nuacht is Déanaí
Fógraíonn an OÉ Gaillimh na Comhaltaí Foirne agus na Céimithe atá tofa ar Údarás Nua na hOllscoile
12/01/2021 - Léigh tuilleadh
Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis OÉ Gaillimh
30/11/2020 - Léigh tuilleadh
An tOllamh Breandán Mac Suibhne ceaptha ina Stiúrthóir Léinn ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
11/08/2020 - Léigh tuilleadh
'An Réiviú' 2020 seolta ag an rang MA sa Léann Teanga
27/04/2020 - Léigh tuilleadh
OÉ Gaillimh Rangaithe i measc na nDeich nOllscoil is Fearr ar Domhan maidir le Tionchar ar Éiceachórais Uisceacha
23/04/2020 - Léigh tuilleadh
Ionad nua um Theangeolaíocht Fheidhmeach agus Ilteangachas
11/02/2020 - Léigh tuilleadh
Searmanais Bhronnadh Céimeanna Geimhridh OÉ Gaillimh agus Céimithe Oinigh
04/11/2019 - Léigh tuilleadh
‘Erasmus na Gaeilge’ fógartha ag Seán Kyne
13/05/2019 - Léigh tuilleadh
Plean Teanga do Chathair na Gaillimhe
26/11/2018 - Léigh tuilleadh
OÉ Gaillimh agus RTÉ le comhoibriú ar chlár nua MA
22/05/2018 - Léigh tuilleadh
Stiúrthóir Léinn Nua Ceaptha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh

Gaeilge agus na Meáin Chumarsáide
Is gné thábhachtach de bheocht na Gaeilge iad na meáin chumarsáide, agus tá roinnt mhaith dár gcuid clár dírithe ar scileanna cumarsáide, físe agus ilmheán ár mac léinn a fhorbairt. Tá ceangal láidir ag an Ollscoil leis na meáin Ghaeilge - idir theilifís agus raidió - agus le léiritheoirí neamhspleácha an cheantair. Léigh thíos faoi chuid de na tograí atá ar bun againn:
TG4
TG4 Foghlaim: Is acmhainn nua oideachais é seo atá curtha in oiriúint d'fhoghlaimeoirí lena gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Is comhthionscnamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é.
Fios Físe: Tionscadal é Fios Físe atá bunaithe ag an Ollscoil le tomhais a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal labhartha na Gaeilge ar TG4.
RTÉ
Cartlann Raidió na Gaeltachta: Tá foireann taighde i gCarna ag digitiú chartlann RnaG ionas go mbeidh na cláir ar fad caomhnaithe agus ar fáil don phobal.
Daltaí Idirbhliana: Tá pairtnéireacht ar bun idir RTÉ agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a thugann deis do dhaltaí idirbhliana oiliúint a fháil i léiriú míreanna raidió agus teilifíse.

Aistriúchán agus Ateangaireacht
Tá éileamh mór ar aistritheoirí agus ateangairí sa lá atá inniu ann - sa tionscal foilsitheoireachta, sa riarachán poiblí, in institiúidí Stáit agus san Aontas Eorpach.
Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge réimse leathan cúrsaí ar fáil - idir chláir Dhioplóma, Fhochéime agus Iarchéime - chun freastal ar an éileamh seo.
An raibh a fhios agat gur linne an t-aon chúrsa traenála d'ateangairí in Éirinn agus an t-aon chúrsa d'ateangairí le Gaeilge ar domhan?
Sa phictiúr seo, feicfidh tú Ard-Stiúrthóir na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach, Florkia Fink-Hooijer, agus a fhoireann ar cuairt chuig an Ollscoil chun casadh le comhaltaí foirne agus mic léinn anseo.

Oideachas Gaeilge
Is ar scoil a fhaigheann cuid mhór páistí an chéad bhlaiseadh den Ghaeilge. Tá borradh mór tagtha ar thumoideachas sa Ghaeilge le blianta beaga anuas: meastar go bhfuil breis is 40,000 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus breis is 10,000 dalta ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge anois.
Chun freastal ar na scoileanna seo, teastaíonn múinteoirí den scoth, acmhainní teagaisc comhaimseartha agus curaclaim atá cothrom le dáta agus a bhaineann úsáid as dea-chleachtais idirnáisiúnta.
Cuireann Scoil an Oideachais Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu dul i mbun teagaisc trí mheán na Gaeilge. Tá dea-cháil ar an gclár seo ó thaobh an teicneolaíocht faisnéise is déanaí a úsáid sa rang scoile. Ba é an chéad chlár ardoideachais lasmuigh de Mheiriceá a bhfuil an Gradam Apple do Chlár Iomráiteach buaite aige, gradam atá bronnta ar an gclár faoi dhó anois.
Léigh tuilleadh faoin ngradam anseo

Ionaid Ghaeltachta
Is í OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil a bhfuil ionad teagaisc agus taighde lonnaithe sa Ghaeltacht aige. Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge cláir ar fáil sna hionaid seo a fhreastalaíonn ar an bpobal áitiúil Gaeltachta, chomh maith le pobail eile Ghaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
Tá na hionaid Ghaeltachta seo suite:
Tá siad lárnach maidir le foirmiú teangeolaíoch ardchaighdeáin a thairiscint, chomh maith le taithí foghlama uathúil.
Leanfaimid orainn ag cur cláir chreidiúnaithe thumoideachais ar fáil sna hionaid seo do mhic léinn ó OÉ Gaillimh agus as institiúidí ardoideachais eile in Éirinn agus thar lear.

An Ghaeilge ar an gCampas
Is é Áras na Gaeilge croílár phobal Gaeilge na hOllscoile, agus is ann a bhíonn an chuid is mó d'imeachtaí Gaeilge ar siúl. Tá caifé suite ar chúl an fhoirgnimh, agus bíonn ceol agus ócáidí soisialta ar siúl ann go minic.
Bíonn deis ag gach mac léinn agus comhalta foirne Dioplóma sa Ghaeilge a bhaint amach agus iad ag freastal ar an Ollscoil. Chomh maith leis sin, reáchtálfar Ranganna Comhrá don fhoireann ar leibhéal éagsúla.
Tá trí Chumann ag plé leis an teanga agus reáchtálann siad imeachtaí éagsúla - seisiúin ceoil, drámaí agus ranganna ina measc: